Eoraip d’Albain

 

We are Europeans from across the continent and around the world.

We want the people of Scotland to know that Europeans everywhere would welcome them back in the European Union if this is still their democratic wish.

 

A cheannairí stáit agus rialtas an Chomhaontais Eorpaigh, a Uachtaráin an Chomhaontaois Eorpaigh, a Uachtaráin agus baill de Pharlaimint na hEorpa, a Uachtaráin agus baill den Choimisiún;

Is Eorpaigh muid as an MhórRoinn agus an domhan mór. Tarlaíonn easaontú eadrainn de ghnáth ar iliomad chúiseanna. Ach táimid go léir aontaithe faoi seo: is mian linn go gtuigeann Albannaigh go bhfáilteoidh Eorpaigh rompu dá mba mhian daonlathach leo athchlárú sa Chomhaontas Eorpach.   Sa reifreann Brexit I 2016 níor votáil ceantar ar bith in Albain scaradh leis an Eoraip; agus ba mhian le tromlucht 62 % fanúint sa chomhphobal. Ins na blianta dar gcionn, dhiúltaigh rialtas na hAlban do phróiséas scartha i ngach chás.

Ach i 2020 díbríodh Alba as an gComhaontas Eorpach mar aon leis an Ríocht Aontaithe ar fad.

Nuair a vótáil Albannaigh fanúint sa Chomhaontas, ba mar bhaill den den Ríocht Aontaithe a rinneadar san.  Is rud eile atá I gceist má scarann siad leis an Ríocht Aontaithe chun clárú sa Chomhaontas Eorpach.  Bheadh gá le reifreann eile chun sin a dhéanamh, mar atá impithe ag parlaimint agus rialtas na hAlban. Faoi láthair ní cheadaíonn rialtas an Ríocht Aontaithe a leithéid.

Ní cóir dúinn bheith diamhaoin i rith ne géircheime seo.  Is rud as an ngnách a thárrla agus tá géarghá anois le smaointeoireacht nua on gComhphobal. I ngeall

ar sin impímid oraibh bealach soiléir a chinntiú chun Alba a chlárú roimh aon reifreann ar cheist an neamhspleáchais.

Tig leis an gComhphobal a rá, de bhrí gur seanbhall í Alba sa Chomhphobal Eorpach go bhfuil sé de cheart dlithiúil agus daonlathach bheith neamhspleách, gan de dhíth uirthi iarratas ‘nua’ a chur isteach chun clárú.

Tá próiséas eile tuillte ag na hAlbannaigh.  Fad is atá Alba ina ball den Ríocht Aontaithe, ni féidir lena rialtas deighleáil leis an gComhphobal Eorpach. Is dual don gComhphobal achainí mar seo a fhreagairt ó thír neamhsplách amháin.

Ina leaba san ba chóir do stáit an Chomhphobail tairiscint a thabhairt do mhuintir na hAlban clárú: eisceacht chun an ghéirchéim eisceachtúil a réiteach.

Tá léirithe ag an gComhphobal Eorpach gur féidir leis an eisceacht seo a cruthaíodh ar shála Bhexit a aithint. Dhearbhaigh an Comhphobal Eorpach ag an árdchruinniú 29 Aibreán 2017 go gclárófaí Éire Thuaidh sa Chomhphobal Eorpach láithreach, dá mba rud é go vótáilfeadh na daoine nascadh a dhéanamh le Poblacht na hÉireann.

Ba chóir don chomhphobal  Eorpach an oiread leanúnachais agus is féidir a chruthú do thír na hAlban freisin. Tá polasaithe cruthaitheacha praiticiúla de dhIth. Ní heol d”éinne na costaisí gearrthéarmacha nó fadthéarmacha d’Alba de bharr Brexit, ná na costaisí a thiocfadh tar éis scarúint leis an Ríocht Aontaithe—-córas nua airgeadais a eisiúint, dá mba mhian le hAlbannaigh  (pé acu san Eoraip nó as). Sa chomhthéacs seo, is ceart téarmaí flaithiúlacha a chur ar fáil chun buiséad Alban a  threorú  ins na míonna dúshlánacha roimh athchlárú.

Tá tabhacht leis a téarmaí seo, a thugann rogha soiléir praiticiúil daonlathach do mhuintir na hAlban idir dhá aontas: Comhphobal Eorpach nó Ríocht Aontaithe.

Ní mór do mhuintir na hEorpa seasamh ar son an daonlathais agus cur-le-chéile. Impímís oraibh, mar sin, tacú le saoránaigh Alban agus ligint do Albannaigh rogha dhaonlathach a dhéanamh faoin todhchaí.

***

A chomh-Eorpaigh!  Bígí linn le bhur dtoil agus sínigh an litir oscailte.  Impímís ar cheannairí na hEorpa agus ar státanna an Chomhaontais Eorpaigh, bealach éigean a aimsiú chun athchlárú sa Chomhaontas.

*Eorpach—–duine a mhaireann agus a oibríonn i dtír Eorpach, pé acu sa Chomhaontas nó as; duine a rugadh nó a thagann as tír Eorpach, nó atá ina shaoránach nó saoránach Eorpach, is cuma cá bhfuil cónaí orthu sa domhan mór.

Signer – Unterschreibe – Firma – Firmar – Podpisz – Sign – Teken – Υπέγραφή – Podepsat – Tecken – Assinar – Jel

Promoted by Anthony Barnett on behalf of Europe for Scotland, both at: c/o Beaver House, 23 – 38 Hythe Bridge Street, Oxford, United Kingdom, OX1 2EP. Read our privacy policy here.

Verified by MonsterInsights